GAELTACHT NA bhFÉARTHAILTE
     
TABLEAUX

ALBUM 2015

WAR REQUIEM

SCENARIUM

THE PRAIRIE

ALBUM 2010

HORSE NETTLE

LA GUERRA

CLOCKWORK

BANGKOK

TURTLES

COMMENTS

RÉSUMÉ

CONTACT

 
THE PRAIRIE GAELTACHT,
a performance-work

by Séamas Cain and
Gabriel Rosenstock

Copyright © 2010

All rights reserved.

_________________________


Performed in English and Gaelic on
September 20 and 21, 2010, at the

CITY ARTS CENTRE,
15 Bachelor's Walk,
Dublin 1, Ireland.

Commissioned by the IMRAM Festival.

Presented by the TíAitreo Teoranta.

Co-sponsored by CITY ARTS.

Photographs by Nicholas Levashov.

_________________________




     ( Guthanna na Staire )

AN CHÉAD GHUTH : Is cuimhin liom Dennis Byrne ó Chontae Chill Mhantáin.  Chuaigh sé ar imirce go sráidbhaile Centralia i bPennsylvania.  Mianadóir guail ab ea é agus duine de na Molly Maguires clúiteacha.  Bhí sé féin agus an teaghlach go léir ar a dteitheadh ansin.  Theith sé fad le sráidbhaile DeGraff i Minnesota agus lorg tearmann, rud a fuair ó na coilínigh Éireannacha i mBailecheantar Cashel.  Bhí a chuid nósanna pearsanta chomh fiáin fileata is a bhí a aigne.  Ní raibh teorainn in aon chor lena gheáitsí aite.  Bhí lé aige le gnáthdhaoine a raibh dúil sa tsaoirse iontu.  Fathach fir ab ea é agus fuinneamh deichniúir ann dá dtiocfadh spreang air.  Bí ag caint ar "teasaí."

AN DARA GUTH : Is cuimhin liom Michael P. Moran ó Chontae Dhún na nGall.  Bhí seisean ina mhianadóir guail agus ina Mholly Maguire i bPennsylvania.  Chuaigh sé ar a theitheadh go dtí na coilíneachtaí Éireannacha i Minnesota agus d'éirigh sé mór le Ignatius Donnelly, úrscéalaí agus mavairic de pholaiteoir.  Rinneadh ceannaire ansin de Mhoran ar an bPáirtí Pobalach.  Bhí ómós agus grá aige d'idéil agus do shlite beatha na gcoilíneach Éireannach.  Bhí meas ag an gcuid eile acu ar an tuiscint a bhí aige don scáil, agus ar a mheon rómánsach leathreiligiúnda.  Ní raibh de lúthchleasaíocht aige ach marcaíocht chapaill agus ní spáráladh sé na spoir!  Ní raibh aon rud measartha ag baint leis.  Fear gnímh ab ea é ar coisceadh cumhacht an ghnímh air ceannaire nádúrtha ar éirí amach pobalach.

AN TRÍÚ GUTH : Is cuimhin liom Mícheál Ó hAilpín ó shráidbhaile DeGraff in Swift County.  Breithníodh ina fhéimheach bankrupt faoi thrí é.  Chaitheadh sé an t-éadach ba shaoire a raibh fáil air.  Chuireadh sé uaireanta fada oibre isteach ach ba uaireanta mírialta iad.  Sé an saol a bhí aige ná scata litreacha nár críochnaíodh riamh, pleananna nár cuireadh i gcrích, imeachtaí a ndearnadh dearmad orthu, comhráite go maidin agus tae á ól aige gan staonadh.

AN CHÉAD GHUTH : Is cuimhin liomsa Mícheál Ó hAilpín freisin.  Chuaigh seisean ar imirce sa bhliain 1874 go Kentucky ó Mhaoltanach, gar d'Ardach i gContae an Longfoirt.  Bhí léamh, scríobh agus matamaitic ar eolas aige mar bhí an t-úrscéalaí Maria Edgeworth tar éis léamh agus scríobh a mhúineadh dá athair, John Halpin.  D'éirigh leis teacht ar charn airgid, cén chaoi níl fhios againn; b'in tar éis "Scaol 1873," an spealadh eacnamaíoch ba mheasa go dtí sin i stair Mheiriceá.  Thug sé go leor den airgead sin do na Trapaigh, i Mainistir Gethsemani, Kentucky, rud a chuir ar a gcumas drochshaol na seachtóidí a chur díobh.  Ar an gcéad leathanach dá leabhar The Waters of Siloe, tugann an scríbhneoir cáiliúil, Thomas Merton, Trapach ón mainistir chéanna, cur síos dúinn ar Mhicheál Ó hAilpín.

AN DARA GUTH : Is cuimhin liom Hedley Kerr arbh as Contae Ard Mhacha dó.  Bhí baint aige le mórán imeachtaí comharchumainn.  Fear mór buailte ab ea é agus é ag obair go dícheallach go dtí déanach amach san fhómhar.

AN TRÍÚ GUTH : Is cuimhin liom Thomas Burke ó Bhéal Átha Seanaidh i gContae Dhún na nGall.  Bhí sé gaolta le Edmund Burke, polaiteoir agus státaire.  Chuaigh Thomas Burke ar imirce sa bhliain 1872 go Scranton i bPennsylvania agus chláraigh leis an gcumann cáiliúil na Molly Maguires.  Chuaigh sé ar a theitheadh ansin go dtí na coilíneachtaí Éireannacha i Minnesota sa bhliain 1878.  Thóg sé bothán scraithe dó féin i mBailecheantar Kildare i Swift County.  D'easaontaigh Thomas Burke le polaitíocht Edmund Burke.  D'easaontaigh sé fiú le dearcadh Edmund Burke ar Réabhlóid na Fraince.

AN DARA GUTH : Is cuimhin liom Partholón de Paor ó thuaisceart Mhaigh Eo.  Tháinig sé go Minnesota sa bhliain 1879.  Ní feilméara a bhí ann.  Sheilg sé géim amuigh ar na féarthailte.  Chaitheadh sé seithí ainmhithe na bhféarthailte, ó bhaithis go bonn.  Rinne sé saghas carbaid dó féin, á tharraingt ag ainmhithe mímheaitseáilte.  Gaeilge a labhradh sé le lucht na gCoilíneachtaí.  Bhí sé in ann labhairt le scata treibheanna dúchais ina dteanga féin ach ní labhródh sé Béarla le haon neach beo.

AN TRÍÚ GUTH : Thagadh sórt sceoin ar Phartholón de Paor dá leagfadh sé méar ar léine shíoda.  Ní chaithfeadh sé a leithéid de rud go deo.  Ba ghnách leis a bheith ina shuí go dtí a trí nó a ceathair a chlog ar maidin, ag caint is ag cur de, codladh ansin go dtí a hocht nó a naoi agus néal beag tar éis lóin.  Bhí croí na bó ann agus easpa mailíse ar geall le leanbaíocht é agus is cuimhin liom chomh breá nádúrtha is a sheas sé i measc na ndaoine.

AN CHÉAD GHUTH : Tháinig Father Timothy Ryan ó Bhaile Átha Cliath go dtí sráidbhaile Graceville in Big Stone County, Minnesota.  Níor theastaigh uaidh a bheith in Graceville, áfach.  Theastaigh uaidh a bheith i gCathair St. Paul.  Ina dhiaidh sin, tar éis na conspóide is na scannal a bhain le muintir Chonamara, aistríodh Ryan go sráidbhaile Murdock i Swift County ach bhí sé míshona i gcónaí.  Chuireadh sé an lá isteach sa mbaile nó ag siúl suas síos sráideanna an bhaile gan siolla as.  Bhí sé cromtha searbh i ndeireadh a shaoil.

AN DARA GUTH : Is cuimhin liom Pádraig Ó hAndradháin.  Bhain sé Meiriceá amach sa bhliain 1877 díreach i ndiaidh do Custer a sheasamh deireanach a ghlacadh, nuair a fuair taoisigh chogaidh na Sioux, Sitting Bull agus Crazy Horse, an lámh in uachtar ar an nGinearál Custer agus a arm ar pháirc an chatha.  I ndiaidh an tsléachta sin bhí Seachtú Marcra na Stát Aontaithe ar a míle dícheall ag iarraidh fir óga as Éirinn a earcú.  Mac le tréidlia a bhí fostaithe ag an Marquis of Sligo ab ea an tAnradhánach agus scileanna aige a raibh meas ag an Seachtú Marcra orthu.  I ndiaidh dó liostáil sa Mharcra ba chuid den eipic ilchríochach láithreach é Pádraig agus é gafa i gceann de na heachtraí ab uafásaí sna cogaí in aghaidh na nIndiach.  Cuireadh sa tóir ar Chief Joseph é agus an pobal Nez Perce.

AN TRÍÚ GUTH : Bhí Pádraig agus an Seachtú Marcra ag iarraidh an Taoiseach Joseph agus an pobal Nez Perce a stopadh ó bheith ag teitheadh go Ceanada.  Míle míle a chuireadar díobh á leanacht, trí Oregon, Washington, Idaho, Montana agus Wyoming, trí dhúiche Yellowstone, trí dhúiche na ngéasar, trí dhúiche na dtoibreacha teo is na gcainneon, trí altáin na mBréanuiscí, ar aghaidh is ar aghaidh is ar aghaidh.  Troideadh cathanna tábhachtacha in aghaidh na Nez Perce in Canyon Creek, Bear Paw agus Big Hole.  Cloigne na bhfear is a nguaillí loma ag glioscarnach i mboscaí dubha na gcainneon.  Bhí Pádraig féin ar dhuine de dhíorma beag saighdiúirí a thug an Taoiseach Joseph ina chime chuig príosún in Oklahoma a raibh an t-ainm "the Indian territories" air an uair úd.

AN DARA GUTH : Chuir Pádraig a thréimhse trí bliana isteach, murab ionann agus formhór na saighdiuirí a thréig an t-arm sa chéad sé mhí.  Chuaigh sé féin agus a bhean Máire ansin ag obair leis an sagart i Standing Rock i ndúiche Dakota, ag iarraidh cruatan na nIndiach bocht a mhaolú.  As sin bhog siad go dtí an Choilíneacht Éireannach i sráidbhaile Murdock, Minnesota.  Ar feadh an chuid eile dá shaol bhí Pádraig ciaptha ina chroí istigh i ngeall ar an mbealach inar caitheadh leis an Taoiseach Joseph agus leis an bpobal Nez Perce.  Dúirt sé go mb'ionann é agus an bealach inar chaith na Sasanaigh leis na Gaeil.


Marcus Lamb agus Séamas Cain


     ( The Irish Colonies in Swift County, Minnesota )

AN CHÉAD GHUTH : Rinne mo thuismitheoirí poll mór i lorg an chnoic, chuir fráma ar a thaobh agus chlúdaigh le scraitheanna é agus is ann a chaitheamar an geimhreadh.

     Ní raibh aon ní glas ann ach na feochadáin.  Líon dusta na ngort an t-aer agus bhí sé chomh smúitiúil sin i gcaitheamh na hiarnóna nach mbeifeá in ann fuáil a dhéanamh fiú amháin.

     Chuir stoirmeacha deannaigh salachar á charnadh thart ar na fálta; thagadh na beithígh abhaile, á shamhlú go raibh sé ina oíche.  Ó muise, is maith is cuimhin liom chomh minic is a bhí orainn na lampaí a ghlanadh.

     Um thráthnóna, ba nós le seanfhear as Contae Mhaigh Eo suí síos agus líonta iascaigh a dhéanamh.  Ach ní raibh abhainn ann dá líonta, ná éisc.  Chabhraigh na hIndiaigh leis na coilínigh Éireannacha teacht ar ghéim agus ar ainmhithe.

     Bhímís ag malartú leis na hIndiaigh chomh maith, bia in áit coirníní agus earraí lámhdhéanta.

     Is cuimhin liom tréada buabhall ar na féarthailte, capaillíní gleoite na nIndiach agus an marmat machaire nó an "prairie dog."  Bhí na cadhóití go flúirseach ann agus chloisfeá a nglam istoíche.  Go deimhin, chuireadh a gcaoineachán an croí tharat agus an lá ag dul ó léas.

     Chuir an tOileán Úr díomá orainn.  An chéad bharr againn, barr breá muise, loite ag an dreoilín teaspaigh.  Tháinig na feithidí sin mar néalta na spéire.

     Ar éigean a chífeá an ghrian.  Dhá bharr as a chéile loite acu sula raibh toradh ár gcuid oibre le feiceáil againn.  Dhera, néal dreoilíní teaspaigh, d'íosfaidís na buataisí ort!  Tháinig tinneas ansin agus an bás.  Leath an diftéire mar dhóiteán machaire i measc na nÉireannach.

AN DARA GUTH : Nuair a chuaigh m'athair i mbun feirmeoireachta ar dtús is ag iompar an ghráin ina bhaclainn a bhí sé, is an staicín á iompar ar a dhroim aige, an féar mar an gcéanna, mar nach raibh pingin rua aige chun seisreach a cheannach.  An chéad seisreach aige ná cuingir dhamh.  Cheannaigh sé na daimh riata trí bliana tar eis dó dul i mbun na feirmeoireachta agus trí bliana sular éirigh leis teach a fháil.

     Chonaiceamar fianna is bíosúin, nó "bison," is iad ag teacht chun uisce a ól.  D'éirigh m'athair as an leaba uair amháin agus bata ina lámh aige chun breith ar bhroc a ghabh tríd an gclós.  Níor úsáid sé gunna riamh.

     D'úsáidtí clúmh éan i bpiliúir agus i leapacha.  Chóirítí éin chlóis de láimh.  Bhí mairteoil le leasú, arbhar le meilt le haghaidh aráin, agus sútha talún le piocadh.  Bhíodh na fataí á stóráil sa siléar.  Ní raibh adhmad ar bith ar na féarthailte le haghaidh connaidh mar sin is diasa arbhair a dhóití nó fiailí móra.

     Nuair a bhí sé in am na goirt a ullmhú don ghrán buí, bhí orainn an scilligeadh a dhéanamh ar dtús.  Sháifeá amach iad le d'ordóg agus ansin le bonn d'ordóige sháifeá amach an chuid eile de na heithní chomh tapa agus ab fhéidir leat.  B'in tasc aon láimhe is cuimhin liom a bhain le hobair na ngort mór.

     Is cuimhin liom an obair mhaslach a bhain leis an meilt agus le buicéid uisce a iompar.  Bhíodh na páistí ag obair chomh maith, ag glanadh na ngort, ag fáil réidh le carraigeacha.  Bhíodh na fir i mbun an ghráin nó ag baint phrátaí.  D'iompraítí uisce i mbairillí ón tobar amháin uisce a bhí ann.  Is beag airgead a bhí ann, mhalartaítí seirbhísí ar earraí ó mhuintir na hIorua.

AN TRÍÚ GUTH : Choinnigh na daimh a neart trí iníor ar na féarthailte agus ní raibh gá acu le grán, mar sin mhalartaigh na coilínigh Éireannacha a gcuid capall ar dhaimh.  Bhíodh gíoscán ó na vaigíní cheal bealaidh agus iad á dtiomáint ó ghránlann an phobail go dtí an cró beathaithe.  D'éirigh mo thuistí mór le hIndiaigh sa gcomharsanacht.  D'fhoghlaim siad uathu cá raibh teacht ar shútha talún agus céard iad na héin ba bhlasta le seilg.

     Bhí gach éinne le chéile ag brath ar an bhfómhar cruithneachta chun teacht slán i rith an gheimhridh ar na féarthailte.  Thriomaítí an chruithneacht agus ansin is ar urlár crua a bhaintí í, á bualadh le carraigeacha chun na heithní a stóráil.  Chuirtí leis an stór chuile bhliain de réir mar a bhí tuilleadh fód á mbriseadh le dua.

     Bhí bliain ann agus chuir mo thuistí, agus an mheitheal a tháinig, 40 tonna féir ar fáil.  Tharla dóiteán mór an fómhar sin a scaip trí na féarthailte.  Dódh an 40 tonna féir ach níor dódh ár mbothán.

     Is cuimhin liom giofóga fáin ag teacht chugainn agus fánaithe eile ag éileamh bia, ar dhíriú gunna, agus gan ach an beagán bia againn féin.

AN DARA GUTH : Nuair ba am buailte na cruithneachta é thagadh na coilínigh Éireannacha ar fad le chéile agus théidís ó fheirm go feirm ag cabhrú lena chéile.  Comhar na gcomharsan.  Bheadh an scoil aon seomra ansin mar halla pobail le haghaidh imeachtaí sóisialta, damhsaí agus pléaráca den sórt sin.  Bheadh an fhidil agus an armóin le cloisteáil.  Chuirtí cathaoireacha agus deasca i leataoibh agus gach éinne i mbun seandamhsaí na hÉireann.

     Chaithfeá uisce a chaidéalú de láimh ó thobar i gcéin nó a iompar i mbairillí ó ghleanntán a bhí níos faide fós uainn.  Bhí orainn poill a dhéanamh sa láib bhog i dtóin an ghleanntáin ar maidin ag súil go mbeadh dóthain uisce ann tráthnóna.

     Ní raibh fál ar bith ann.  Bhí an bhuachailleacht ar siúl ar an mblár fairsing, míle nó mar sin ón mbaile.  Comhbhuachailleacht ar siúl sa ló, locadh á dhéanamh ag duine leis féin istoíche.

     Sa gheimhreadh, ba ghá luachair a ghearradh sa seascann oighreata chun na beithígh a bheathú.

     Tharla lá go raibh dóiteán ag teacht gar dár mbothán.  Réitigh mo thuistí na daimh riata, timpeall is timpeall an bhotháin leo chun go mbeadh an chlais sách leathan agus nach ndófaí an bothán go talamh.  I gcaitheamh an gheimhridh bhínn ag breith ar mhuscfhrancaigh i ngaiste.  Bhínn ag breith ar an scúnc chomh maith agus á fheannadh.  Sa samhradh, chuirinn ola ar mhuilte gaoithe na gcomharsan mar nár chuir airde isteach ná amach orm.  Ní raibh cead againn tobac a chaitheamh ná a chogaint mar sin is gais arbhair a bhíodh á gcaitheamh againn.

AN TRÍÚ GUTH : Thóg mo thuistí siléar ar fhód an mhachaire agus chuir féar garbh an tseascainn ar an díon seachas slinnte adhmaid.  Chlúdaíodar le cré ansin é.  Bhíodh go leor sneachta ann sa gheimhreadh, sneachta síobtha a chlúdaigh an bothán.

     Daimh a bhris an fód dúinn, cruithneacht an mhachaire a chuireamar ann.  Bhíodh an-deabhadh amach ar phaistí chun breith ar ghófair.  Is cuimhin liom an cruatan agus dhá bhliain deannaigh agus mé im pháiste.  Thugainn an lón chuig mo dheartháireacha sna páirceanna agus ba dheacair radharc a fháil orthu féin agus ar na capaill bhí an oiread sin dusta ann.

     Bhain m'athair an féar le speal agus rinne muidne é a rácáil de láimh agus cocaí féir a dhéanamh ansin.  A luaithe is a bhí an coca againn threabhadh m'athair dhá chlais timpeall air agus dhóimís an spás idir na cocaí mar chosaint ar thine.

     Bhaineadh mo mháthair féar sa mhóinéar le speal.  Thugadh sí na páistí léi, á gceangal le chéile agus á marcáil le stáca chun nach rachadh siad amú san fhéar ard.

     Sna blianta tosaigh bhí fadhb againn leis an rud ar a dtugtar an "mustard weed" a scaip ar nós na plá.  Chaithfeá iad a bhaint de láimh.  Thógfadh sé roinnt seachtainí ort fáil réidh leis na deabhail.  Níos déanaí, cuireadh bunchloch síos le haghaidh scioból.  Ba ghnách lem thuistí agus leis na coilínigh eile aol a theilgean agus a bheiriú agus d'úsáidtí an t-aol sin agus gaineamh tríd chun scoilteanna idir na carraigeacha a shéalú.

     Ar ball, chabhraigh mé le m'athair chun na mílte tonnaí féir a rácáil agus nuair a tháinig an t-earrach shiúil mé laistiar de m'athair agus é ag síoladóireacht.

     I mblianta triomaigh nuair a theip go hiomlán ar an mbarr ní bheadh baint ar bith ar siúl againn.  Ar an meán níor éirigh ach le barr amháin in imeacht ocht mbliana a bheith saor ó na dreoilíní teaspaigh, ón triomach nó ó chlocha sneachta.

AN CHÉAD GHUTH : Lá amháin chuaigh mo mháthair amach as an mbothán chun uisce na soithí a chaitheamh amach.  Bhí Indiaigh ina suí in aice le garraí na nglasraí.  Sméid siad chucu anall í agus thaispeáin siad dhá lacha di.  Theastaigh ó na hIndiaigh iad a mhalartú ar chairéidí agus ar fhataí.  Thagaidís ó thráth go a chéile agus lachain nó éisc acu le malartú ar ghlasraí nó ar fhataí.  Bhídís ag gabháil thart uaireanta mar a bheadh i bparáid, go leor capaillíní is madraí acu.

     Rinne mo mháthair olann a shníomh chun stocaí, miotóga, geansaithe agus scaifeanna a dhéanamh do gach éinne.  Bhí cónaí orainn i mbothán beag agus chodlaímis ar thochtanna féir.  Bhínnse ag spraoi le bábóga páipéir, pictiúir a ghearraimis amach as catalóga agus iad ag seasamh do mhuintir na cathrach is do mhuintir na tuaithe.  Bhí guth ar leith agamsa do na carachtair sin go léir.

     An uair úd ní raibh ach lorg na vaigíní ag imeacht fiarthrasna na machairí.  An-radharc ab ea é beartán tuí a fheiceáil á ndó istoíche agus feadaíl na bhfear sa chúlra.  Vaigín iata a bhí sa bhus scoile againn agus sa gheimhreadh dhéantaí bobshleamhnán de, capaill á tharraingt.

     Crann beag duillsilteach a bhíodh sa chrann Nollag againn.  Leagtaí é agus mhaisítí gach géag de le páipéar glas síoda.  Chuirtí coinnle beaga bídeacha ansin ar na géaga.

     Sular tháinig an leictreachas go dtí sráidbhaile Murdock sa bhliain 1923 bhí aithne ar Tom Ness mar lastóir lampaí.  Lasadh sé lampaí na sráide chuile thráthnóna.

     Is cuimhin liom stoirm dheannaigh uafásach.  Bhí an ghaoth ag séideadh an lá ar fad agus scannán dusta ar gach aon rud is ar gach aon duine, fiú istigh i bhfoirgnimh.  Ní fhacamar aon cheo!  Bhíomar inár staic ansin, ar crith le heagla, an salachar ina chuaifeach mórthimpeall orainn.  Bhí an léargas chomh dona sin go mb'éigean dúinn an vaigín a stopadh.  Bhí sé deacair d'anáil a tharraingt.  Cheapfá go raibh na páirceanna go léir ag bogadh.  Ní cuimhin liom stoirm shneachta ba mheasa ná é.


Mícheál Ó Gruagáin, Bríd Ní Ghruagáin, Sinéad Ní Uallacháin,

agus Séamas Cain, agus an stiúrthóir Nóra Nic Con Ultaigh


AN DARA GUTH : Thógfadh sé lá fada oibre de ghnáth chun peic rútaí a bhailiú.  Chastaí féar seascainn agus tuí lín i bhfoirm ocht ansin mar bhreosla cócaireachta.  Is beag eile a bhí ag na coilínigh chun a gcuid bothán scraithe a théamh.

AN CHÉAD GHUTH : Lá amháin, go tobann, tháinig na dreoilíní teaspaigh ina néalta aniar, iad chomh líonmhar sin gur milleadh na páirceanna gráin go léir laistigh de chúpla lá.  D’fhág siad a gcuid uibheacha ina ndiaidh agus as go brách leo soir.  Ach ansin thosaigh na ministéirí gallda, thosaigh siad ar raic aisteach a thógáil.  Ba é Dia a sheol na dreoilíní teaspaigh chucu, dar leo, mar dhíoltas i ngeall ar a gcuid peacaí go léir agus toisc gur lig siad do na hÉireannaigh cónaí ina measc.  Drochghníomh ab ea é dreoilín teaspaigh nó ubh leis a mhilleadh mar gurbh ó Dhia é.  Ní raibh le déanamh ach cur suas leis an bplá mar phionós.  Mar sin féin, chuaigh na Gaeil sa tóir ar na dreoilíní teaspaigh len iad a mhilleadh.

AN TRIÚ GUTH : Ba mhinic olagón an mhic tíre is na cadhóite inar gcluasa.  Chlúdaíodh na grúis an talamh ina n-ealtaí móra.  Cruatan ab ea é, saol na bhféarthailte.  Bhí tráth ann agus ní raibh ag mo mhuintir ach leath-thobán fataí reoite agus dhá phionta bainne gach lá ar feadh deich lá.

AN CHÉAD GHUTH : Féar tirim casta na bhféarthailte nó fiaile a bhí mar bhreosla againn.  Bhí Partholón de Paor agus scata eile is gan tada ar siúl acu ach seilg is gaisteoireacht amuigh ar an machaire.  An fia nó an muscfhrancach a bhí uathu agus dhéantaí súdaireacht ar na craicne fia.  Mharaítí cadhóití chomh maith sa scrobarnach.  Roinntí an fheoil i measc na gcoilíneach Éireannach.  Dhéantaí an turtar a chócaráil beo agus é a dháileadh san uisce inar scalladh chun báis é.  Is cuimhin liom sútha craobh agus meas de gach sórt.

AN DARA GUTH : Dhéantaí an t-arán i bhfriochtán, meascán de phlúr agus uisce.  Ach bhí teaghlaigh ann agus feoil an mhadra rósta acu go minic ar bord.  Ar an gcruithneacht amháin a bhí aird na n-oibrithe.  Ó am go a chéile, áfach, bhíodh aonach ag na Gaeil; mar chuid den spraoi bhí rásaíocht chapaill, rás coise agus comórtais chun claiseanna céad troigh ar fhad a dhéanamh.

AN TRÍÚ GUTH : Dhéantaí an chócaireacht os cionn tine oscailte i gciteal iarainn.  An fia, an béar agus cúpla buabhall chun feola againn.  D’fhéadfá muscfhrancach a ithe chomh maith.  Uair um á seach bhí muiceoil is pónairí againn, arán friochta agus rud ar a dtugtaí "buffalo fish."


Mícheál Ó Gruagáin agus Séamas Cain


AN CHÉAD GHUTH : Thagadh an Coilíneach Éireannach amach as a bhothán scraithe mar a bheadh gófar ann chun breathnú ar an té a bheadh ag gabháil thar bráid.  Cuid de na teaghlaigh Éireannacha is seithí ainmhithe amháin a bhí á gclúdach.  Lomáin a bhí mar urlár an bhotháin i gcásanna áirithe; i gcásanna eile ní raibh urlár ar bith ann.  Dá fhad ón ngarrán a bhí tú is ea is lú adhmad a bhí agat mar fhothain.

AN DARA GUTH : Amach sa samhradh bhí meitheal ag na Gaeil chun rís fhiáin a d’fhás go tréan sna seascainn gar dúinn a bhaint.  Bhí uirlisí cré agus adhmaid againn chuige sin.  Is cuimhin liom seanfhear as Contae Shligigh a tháinig de shiúl na gcos chun na meithle ach in áit bualadh leis na coilínigh is amhlaidh a chuaigh sé ar strae sna féarthailte agus cailleadh é.  Smaoiním anois ar mo mháthair.  Duine a d’fhulaing díomá is domlas.  Bhíomar tar éis fairsinge na bhféarthailte a chur dínn, deannach is muiscítí ár ndalladh.  Gaineamhlach ab ea é dar léi agus an ghráin dearg aici air.

AN CHÉAD GHUTH : Ba bhreá lem mháthair pincíní beaga a ithe, pincíní a fuarthas sna seascainn an tráthnóna roimhe sin, agus sútha talún fiáine a phioctaí sna féarthailte.  Chromadh mo mháthair ansin ar na soithí adhmaid a ní le brobh féir.  Is cuimhin liom go raibh an bothán seo againne clúdaithe go maith le craicne fia agus iad fuáilte go cúramach chun an fuacht a choinneáil amach.

AN TRÍÚ GUTH : Is cuimhin liom cluichí a imirt gar don seascann.  Nuair a bhaineamar an seascann amach chuamar i bhfolach ann ach bhí na páistí a bhí sa tóir orainn in ann ár lorg a fheiceáil sa seascann agus níorbh fhada gur rugadh orainn.  Ní raibh teacht ar adhmad ach amháin ar feadh bhruacha na mionsruthán agus i ngarráin bheaga ar chiumhais an tseascainn.

AN DARA GUTH : Thagadh lucht na nuachtán agus thugadh comhairle do na Coilínigh Éireannacha mar gheall ar cén chaoi beithígh a roghnú, mar gheall ar ghlaineacht agus stuaim.  Bhí sé maslach an tslí a caitheadh linn.  Dúradh linn nár thuig an tÉireannach an tsíoladóireacht i gceart.  Níor éist mise leo.  Ina áit sin bhínn ag féachaint amach i dtreo fhíor fhairsing na spéire, an talamh ag síneadh uaim go síoraí, gan oiread is crann amháin a bhrisfeadh an radharc.  Léaslíne gan athrú, nach mór.


Mícheál Ó Gruagáin, Marcus Lamb, agus Sinéad Ní Uallacháin


     ( Guthanna an Gheimhridh )

AN CHÉAD GHUTH : Is cuimhin liom ag an am sin mo dheirfiúr Máire Ní hAndradháin.  Bhog sí go cathair Hancock le bheith ina cailín aimsire.  Phós sí Joe Clarke ansin cé go mba bhulaí a bhí ann.  Thug sé bascadh a báis di agus chuir sé in uaigh bhochtáin í gan leac os a cionn.  D’fhéach an Eaglais is an Stát sa treo eile.  Bhí mé ag gol gan stad.  Líon Joe Clarke a theach le pearóidí. 

AN TRÍÚ GUTH : Nuair a bhí an Síobadh Sneachta Mór ann sa bhliain 1880, thug Charles Dolan, as Contae an Chabhán, faoin srádbhaile Morris a bhaint amach chun cógais a fhál dá chlann.  Chuaigh sé amú sa sneachta agus cailleadh leis an bhfuacht é tamaillín gearr óna bhothán scraithe.

AN DARA GUTH : Bhí síorbhagairt ann ó stoirmeacha sneachta.  Chífeá scamall dubh aniar aduaidh chugat agus d'éiríodh an ghaoth go tobann.  Bhí orainn brath ar na capaill an bóthar abhaile a bheith ar eolas acu.

AN TRÍÚ GUTH : Chuirtí nuachtáin na bPobalach faoi do chóta agat uaireanta mar chosaint in aghaidh na gaoithe fuaire dá mbeadh ort míle nó mar sin de chnoc machaire a shiúl.  Bhíodh cuilt ar pháistí a chlúdódh a gcloigeann agus iad ar aistir shleamhnáin.

AN CHÉAD GHUTH : Is cuimhin liom oighear agus sneachata greamaithe de chóta m'athar sa tslí go raibh air ligean dóibh leá sula raibh sé in ann é a bhaint de.  Tar éis dó é a bhaint, sheas an cóta gan chúnamh.  Théadh m'athair agus a chairde ag triall ar phlúr agus ar sholáthairtí eile lena gcuid damh, ach sa gheimhreadh bhaintí leas as sciáil.  Bhíodh an sneachta chomh domhain sin go mbeadh ort a bheith ar do cheithre boinn chun teacht as muc shneachta.

AN DARA GUTH : Crann ar bith níor fhás ann mar sin bhí ar mo thuistí an féar ard tirim a ghearradh is a lúbadh is a cheangal le dó mar bhreosla.  Nach orthu a bhí an t-áthas nuair a dúirt fánaí leo faoi chac na mbuabhall, na "buffalo chips."  Bhíomar in ann buarán na mbuabhall a dhó feasta.

AN TRÍÚ GUTH : Le linn stoirm shneachta 1880, stoirm uafásach go deo, bhí mo mhuintirse, a ndamh agus a gcairt daimh i sáinn.  Amuigh ar an mblár fairsing a bhíomar.  Chuir mo thuistí an chairt bunoscionn, isteach linn fúithi agus d'fhanamar ann ar feadh trí lá go dtí gur shíothlaigh an stoirm.  Is iomaí duine a cailleadh leis an bhfuacht an uair úd.

AN CHÉAD GHUTH : Is cuimhin liom dul ar Aifreann i sleamhnán a bhí á tharraingt ag capall.  Bhíomar cuachta suas i gcuilteanna agus brící téite againn chun ár gcosa a théamh.

AN TRÍÚ GUTH : Tamall ina dhiaidh sin, chuir na coilínigh Éireannacha sraitheanna de chrainn bheaga ó gach bothán go dtí an scioból láimh leo; bhí sé sin le bheith mar threoir, agus rópa ó cheann ceann na sraithe, nuair a thiocfadh stoirm shneachta nó síobadh sneachta.  Bhíodh an sneachta chomh domhain sin go mb'éigean dóibh dul isteach sa scioból tríd an díon agus bheith ag tochailt leo síos go dtí na hainmhithe a bhí istigh.

AN CHÉAD GHUTH : Ní raibh aon teas ann ach an teas a bhí ag teacht ó na hainmhithe.  Shuínnse ar chliathbhoscaí na sicíní chun mé féin a ghoradh.  Is cuimhin liom nuair a tháinig béar dubh trasna an oighir chugainn, gar dár mbothán scraithe.

AN DARA GUTH : Uair amhain, le linn Shíobadh Sneachta Mór na bliana 1880, chuaigh mo mháthair amach chun na hainmhithe a bheathú agus ar a slí isteach di níor aimsigh sí an bothán ach bhí na cuaillí treorach ann di mar sin ní dheachaigh sí amú ar fad sa síobadh.  Murach sin bheadh sí caillte leis an bhfuacht agus a muirear á leanacht ar shlí na fírinne.


Mícheál Ó Gruagáin, Marcus Lamb, agus Sinéad Ní Uallacháin


     ( The sufferings of the Connemaras )

AN CHÉAD GHUTH : "... fuair sé Melias sa mbaile, a dhá lámh agus a chluasa reoite go maith agus é ag triall ar an sagart, Ryan, le haghaidh faoisimh; dúirt sé leis an sagart go raibh fuacht is ocras orthu, go raibh siad rite as connadh agus as bia agus mura bhfaighidís faoiseamh go gcaillfí iad go léir; dhiúltaigh Ryan go garbh dó, d’ordaigh sé dó dul abhaile agus go n-adhlacfadh seisean iad; deir sé gur duine damanta brúidiúil é an sagart.  Ní raibh connadh ar bith ag Melias an geimhreadh seo ná connadh ar bith le linn stoirm mhí Dheireadh Fómhair; ná braon bainne; tá an bhó gan bhainne; níl puinn mine aige; gan ach pluid amháin is cuilt amháin aige; soláthar dhá lá nó mar sin de chonnadh; fataí lofa, dhá bhuiséal nó mar sin; tháinig sé ar a iníon, cailín sé bliana nó seacht mbliana d’aois sa leaba agus a dhá cos reoite ó na glúine go dtí na rúitíní is iad iompaithe dubh; an mháthair agus páiste níos óige sioctha le fuacht a bheag nó a mhór sa bhothán scraithe tamall ó shin."

AN DARA GUTH : "... Green, a bhean is seisear páistí gan soláthar ar bith acu ach fataí lofa agus thart ar dheich bpunt de mhin bhuí; bó nár thál aon bhainne le dhá mhí anuas; nuair a chuaigh sé ag lorg cabhrach ón sagart dá leanaí breoite dúirt an sagart leis iad a chur sa leaba agus dá bhfaighidís bás go n-adhlacfadh sé iad; gan éadaí leapa, gan connadh, gan soláthairtí ná éadach d’aon sórt; fear an tí tinn; na páistí idir dhá bhliain agus ceithre bliana déag d’aois."

AN TRÍÚ GUTH : "... Conroy, a bhean is ceathrar páistí; iad ag iarraidh na fataí lofa a chuir Ryan chucu a ithe; ní fhaca siad drochshaol mar é riamh in Éirinn; gan greim bia ach an méid a chuir muintir Morris chucu an Domhnach seo caite; dóthain connaidh le haghaidh seachtaine; seanphluid agus dhá sheanchuilt; fear trí scór bliain nó b’fhéidir deich mbliana eile lena chois é Conroy; tá a mhéara reoite agus thit na hingne de leis an gceirt agus iad á dtaispeáint aige."

AN DARA GUTH : "... Reddy, a bhean agus naonúr páistí
beagán connaidh agus plúr acu.  Deir an bhean gur reodh méara Reddy agus é ag cur slinnte adhmaid ar dhíon an bhotháin scraithe aige.  Dúirt an sagart leo nach bhfaighidís tada le n-ithe uaidh go dtí go gcuirfidís an bhó amach as an mbothán agus slinnte adhmaid a chur ar an díon.  Tugadh na slinnte dó thart ar an gcéad lá de mhí na Nollag."

AN TRÍÚ GUTH : "... Flaherty, deichniúr sa teaghlach, ochtar páistí; dhá lá as a chéile gan chonnadh gan bhia, b’éigean dóibh an tuí a bhí sna leapacha acu a dhó chun teacht slán ..."

AN CHÉAD GHUTH : "... Connolly; a bhean agus naonúr páistí.  Na páistí an-tinn, ní dócha go bhfuil biseach i ndán dóibh; iad breoite le hocht seachtaine anuas; gan tada le cur ina mbéal ach an méid a thug muintir Morris dóibh; deich gcipín d’adhmad córda; cás brónach agus faoiseamh de dhíth ar an toirt.  Níl ar mo chumas cur síos i gceart ar chruatan agus ar éadóchas na ndaoine bochta seo
an cás is brónaí agus is práinní dá bhfaca mé go dtí seo ..."

AN DARA GUTH : "Bhí na fíricí gránna agus séanadh is cáineadh go pras iad ag an sagart agus a lucht leanúna."

AN CHÉAD GHUTH : "Fealltóir ab ea Father Timothy Ryan, caimiléir agus fear gaimbín.  Go deimhin, bulaí nach raibh smacht aige air féin ab ea Ryan.  B’é Fear na gCrúb ina steillbheatha é.  B’é an t-aon fhear a casadh ormsa riamh é ar shíl mé gurbh é an deabhal é."

AN DARA GUTH : "Is de lomáin ghiúise iad na botháin agus deileanna tairneáilte ar na scoilteanna.  Bíonn scraitheanna ar an taobh amuigh, in áiteanna bíonn na scraitheanna sin chomh fada suas leis na bunsoip.  Ní bhíonn troscán ar bith iontu, ní fhaca bhur dtuairisceoir bord, cathaoir ná leaba in aon cheann acu.  Foirgnimh aon urlár iad, 12 ar 16 a méid."

AN TRÍÚ GUTH : "Níl bothán John Green ach leathchlúdaithe le scraitheanna agus tá cuid den díon ar leathadh.  Tá a bhean agus a bhuachaillín beag ina luí ar leithscéal de leaba agus a gcosa reoite go dona.  Seisear eile den mhuirear ag fulaingt go dona.  Níl de bhia acu ach leathmhála de mhin choirce.  Seachtain ó shin chuir Ryan beagán connaidh chucu.  Nuair a dhóifidh siad an méid sin níl a fhios acu céard a tharlóidh ina dhiaidh sin."

AN CHÉAD GHUTH : "Bhí roinnt mhaith sneachta tar éis teacht tríd an díon agus bhí an t-urlár tais an t-am go léir.  Bhí na páistí gioblach cosnochta agus an cailín ba shine reodh a cos chlé agus a rúitín go dona
seanchás.  Ar an talamh lasmuigh bhí dhá mhála fataí reoite a chuir Ryan chucu trí seachtaine ó shin.  Seachas a ngiobail ní raibh de chosaint in aghaidh an fhuachta acu ach dhá phluid shalacha."

AN DARA GUTH : "... mháirseáil arm beag leanaí amach.  Sa mbothán beag seo, 12 ar 16, tá beirt lánúineacha lánfhásta agus seachtar páistí déag.  I measc na leanaí tá ceathrar buachaillí agus cúigear cailíní idir ceithre bliana déag agus scór bliain d’aois.  Tá siad bréan gioblach agus níl siad in ann caoinbhéasa a chleachtadh.  Duine de na daoine atá ina chónaí anseo, Flathartach, dódh a bhothán féin go talamh sé seachtaine ó shin.  Oibrí dícheallach ab ea é agus bhí $70 tuillte aige ó bheith ag obair ar an iarnród.  Nuair a chuaigh an bothán trí thine bhí an t-airgead i dtaisce sa leaba aige agus dódh sa dóiteán é.  Deir sé gur choisc Ryan air dul chun cónaithe i mbothán eile a bhí folamh agus bhí air cónaí lena chomharsa i mbothán a bhí róphlódaithe cheana."

AN TRÍÚ GUTH : "Bhí fear an tí, Anthony Connolly, ina luí ar dhá chlár a bhí suite ar dhá mhaide chórd-adhmaid agus an bás chuige de réir cosúlachta.  Bhí pluid chapaill stróicthe agus píosa de chuilt á chlúdach.  Bhí sé bolgshúileach cuasleicneach agus bhí sé sínte ansin ar feadh dhá mhí.  Bhí dochtúir curtha chuige ag muintir Morriss ach mura gcuirfí cóir cheart air tá an bás i ndán dó.  Is geall le creatlach é agus gá aige le cothú eile seachas uisce neamhghlan agus min bhuí; sin an méid a fhaigheann sé faoi láthair.  Féar tirim na bhféarthailte a leaba agus a philiúr.  Is mó de dhíol trua iad a bhean agus an seisear páistí ná na coilínigh eile.  Níl hata ná bróg orthu agus gan ach giobail bhréana á gclúdach.  Níl solas d’aon sórt acu agus níl de bhia acu ach paicéad mine buí.  Tá breosla dhá lá acu ..."

AN CHÉAD GHUTH : "... níl focal Béarla ag Anthony Connolly, ná ag a bhean ná ag éinne de na páistí!"

AN DARA GUTH : "... agus nuair a d’oscail sé an doras fuair an tuairisceoir deichniúr páistí roimhe agus iad gróigthe thart ar an sorn.  Bhí an mháthair bhocht suite ar charn féir thirim, a cloigeann ligthe ar an sorn aici agus í ag caoineadh go géar goirt.  Bhí naíonán ina hucht aici agus teipthe uirthi í a chothú.  Is tanaí a bhí giobail na bpáistí; bhí an té ba shine ocht mbliana déag d’aois, í cosnochta is gan ach ball éadaigh amháin aici, blús.  Bhí soláthar aon lae de chonnadh acu agus gan ach beagán plúir fágtha sa mála.  Nuair a fiafraíodh díobh cad a dhéanfaidís nuair a rithfidís as connadh, dúirt an leaid is sine go bhfáiscfeadh sé roinnt ceirteacha ar a chosa agus iarracht a dhéanamh féar tirim a bhailiú le dó.  Má theipeann air gheobhaidh an líon tí bás leis an bhfuacht."

AN TRÍÚ GUTH : "Is scannal agus náire shaolta é staid na n-imirceach faoi láthair.  Tá siad ag fulaingt go géar agus is mór an t-ionadh nár cailleadh éinne acu go fóill.  Tá gach aon ní i bhfoirm riachtanais na beatha de dhíth orthu agus tá an chabhair sin de dhíth orthu go práinneach."

AN CHÉAD GHUTH : "Is truamhéalach é staid na gcoilíneach Conamarach.  Tá siad beo bocht agus mura gcuirtear céimeanna faoisimh i gcrích go luath is cinnte go mbeidh scéal níos measa fós le hinseacht."


... ar Útóipé, Tír na nÓg ina Tír na Sean


     ( Conclúid )

AN TRÍÚ GUTH : Níor thaitin sé lem mháthair an bealach inar athraigh sé ó bheith fuar go te is ó bheith te go fuar go tobann.  B'fhacthas domsa go raibh na féarthailte fuar fionnghlas, iad ag glioscarnach le solas lagbhuí agus corrchnámh liath caite thall is abhus ar an dromchla.

AN DARA GUTH : Bhí paidrín i lámha loma an chailín.  Trí leamhas mo chuid smaointe, d'éistinn le rabhláil na gcairteacha agus na sosanna fada eatarthu ar an seanbhóthar taobh le gaineamh cruaite na bhféarthailte.

AN CHÉAD GHUTH : Ach níorbh fhada gur briseadh isteach ar an gciúnas: tormán i gcéin ag teacht níos cóngaraí an t-am ar fad, ag dul i méid, leathta ar fud fhíor na spéire agus sa deireadh ag dul in éag faoi thalamh na bhféarthailte.  Fiach dubh a bhí ar ghualainn Indiaigh slataire breá óg theith sé.  De réir a chéile clúdaíodh na mná tanaí le dusta mín donn, tine ghealáin ghorm ag socrú síos ar na fearthailte ciúine, ar Útóipé, Tír na nÓg ina Tír na Sean.